As Gaeilge Green Acres Quilts
Cuilteanna Green Acres – Scéal Stephanie
Fuaite sa phobal, san Fhál Carrach tuaithe i gContae Dhún na nGall, Éire, tá cairde leitheadach ar fud an domhain ag cuilteanna Green Acres. Ceannaíonn cuilteálaithe ar-líne agus tugann mórán acu cuairt ar ár stiuideo faoi choinne ranganna, cuairteoirí ó S.A.M., ón Ríocht Aontaithe, ón Astráil, ó Cheanada, ón Ollainn, ón Fhrainc agus go leor tíortha eile.
Tá dúil mhór ag Stephanie Green agus a foireann ag caint faoi achan rud a bhaineann le cuilteoireacht agus le trealamh cuilte. Fógraithe sna Nuachtáin, ar Teilifís agus an na Cainéil Shóisialta, tá Cuilteanna Green Acres anseo le cuidiú leat sult a bhaint as do chuid taipéisí fuáil féin.
Tá teorann lenár gcuid dearaí trealaimh saincheapa agus cumann muid trealaimh úrnua go rialta, bunaithe ar iarratais ónár gcuid cuilteálaithe.
Léigh ár scéal:
Hóigh, is mise Stephanie Tremblay Green, úinéir agus oibritheoir na haislinge a tháinig fíor = Cuilteanna Green Acres ar an Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall, Éire. As Massachusetts agus New Hampshire i Meiriceá mé i dtús báire. Casadh m’fhear céile orm ag damhsa sa bhliain 1994 agus pósadh muid sa bhliain 1996. B’as Éirinn eisean agus ba mhaith leis pilleadh ‘na bhaile. Bhí an bheirt againn ag obair – eisean ar fhoirgníocht agus mise sa rannóg éigeandála sa tSeomra Éigeandála i Saints Memorial in Lowell, Ma. D’éirigh an bheirt againn as obair sa bhliain 1999 agus tháing muid ar ais chuig a bhaile dúchais ar an Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall agus thóg muid ár dteach. Sna chéad chúpla bliain sin, thaistil muid cuid mhór agus shiúlamar an domhan. Ansin thosaigh mise ag obair sa tSeomra Éigeandála in Otharlann Ghinearálta Leitir Ceanainn ar mhaithe le mo ladhar a choinneáil sa ghnó – páirtaimseartha go díreach. Lá amháin agus mé ar mo bhealach chuig an obair chonaic mé comhartha do rang cuilte i nDún Fionnachaidh agus chuir mé m’ainm síos chun cuilteáil a fhoghlaim. Agus ba ansin a fuair mé an FONN cuilteála! Ba sin sa bhliain 2006. Trí bliana ina dhiaidh sin, d’fhógair an t-úinéir go raibh sí ag éirí as agus ba ansin a thosaigh an scaoll. Mheall sí mé le triail a bhaint as agus dhá mhí níos moille d’oscail mé Cuilteanna Green Acres – agus níor amharc mé siar ó shin! Níor smaoinigh mé riamh i mo shaol go mbéinnse i m’úinéir siopa – ach thug sé níos mó suilt, cairde, taisteal agus scleondar isteach i mo shaol ná a thiocfadh liom a shamhlú.


